Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tagann seoladh an tuarascála i ndiaidh do thionscadal píolótach dhá bhliain, a raibh baint ag an iliomad páirtithe leasmhara in earnáil an oideachais in Éirinn leis, arna chomhordú ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus arna chur i bhfeidhm ag an ECFE le tacaíocht ón Ard-Stiúrthóireacht maidir le Tacaíocht um Athchóiriú Struchtúrach an Choimisiúin Eorpaigh (ATHCHÓIRIÚ DG) agus ón Roinn Oideachais.

Cuireadh an tionscadal i dtoll a chéile chun tuiscint a fhorbairt ar an gcuspóir agus ar an ról is féidir le rannpháirtíocht pobail scoile áitiúil a imirt i gceapadh beartais maidir leis an oideachas agus próisis fhorfheidhmithe in Éirinn a neartú.

I dteannta beagnach 4,000 scoil in Éirinn, scrúdaigh an tionscadal modhanna chun tacú le ceapadh beartais agus le hachtachán oideachais tríd an obair a dhéanann gach ball den phobal scoile a threisiú, d’fhonn nuálaíocht saoránach-lárnaithe a chur chun cinn.

D’eascair an tionscadal as tionscnamh ceannródaíoch a d’fhorbair an Chomhairle Mhúinteoireachta ar dtús, ar a tugadh BEACONS – Beocht a chur san Oideachas dár bPobail Ar Bhonn Náisiúnta. D’fhorbair an Chomhairle Mhúinteoireachta BEACONS in 2019 mar phróiseas a chuireann comhráite cuimsitheacha éascaithe chun cinn, idir mic léinn, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí agus páirtithe leasmhara áitiúla eile maidir le hábhair oideachais atá tábhachtach dóibh.

Dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, “Táimid an-sásta gur chuidigh ár bpróiseas BEACONS chomh mór sin mar bhunchloch don staidéar seo. Eascraíonn sé sin as ár dtiomantas rannpháirtíocht nuálach agus rannpháirtíocht chuimsitheach a spreagadh ag leibhéil áitiúla agus náisiúnta araon san oideachas. Tugann an tuarascáil deiseanna le haghaidh léargais agus nuálaíochta ón gcosmhuintir chun cur leis na próisis náisiúnta um bheartas náisiúnta a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí i gcoitinne.

“Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht agus as an gceannaireacht a léirigh an Ard-Stiúrthóireacht maidir le Tacaíocht um Athchóiriú Struchtúrach, an ECFE, An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus gach páirtí leasmhar. Leagann an tionscnamh seo béim ar an tábhacht a bhaineann le pobail áitiúla scoile maidir lenár dtodhchaí oideachais a mhúnlú. Tá sé ríthábhachtach deiseanna a chruthú le haghaidh plé oscailte agus fiúntach idir mic léinn, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile, ina n-áireofar ní hamháin gach guth san oideachas agus freisin ina gcuirfear le todhchaí chomhchoiteann sármhaitheasa sa teagasc agus san fhoghlaim, ag tacú le torthaí dearfacha do chách.”

Ghabh an Chomhairle Mhúinteoireachta buíochas le hATHCHÓIRIÚ DG, leis an ECFE ag le gach duine a ghlac páirt sa tionscadal.

Nasc chuig an tuarascáil

 

Nótaí:

Oibríonn foireann an ECFE um Beartais Oideachais a chur i bhFeidhm chun an bhearna idir beartas agus cleachtas oideachais i scoileanna a líonadh trí dheiseanna piarfhoghlama agus tacaíocht shaincheaptha do thíortha le haghaidh athrú éifeachtach oideachais.

Is é an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) clár an AE a sholáthraíonn saineolas teicniúil saincheaptha do Bhallstáit an AE chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme.

Na comhpháirtithe a bhí san áireamh:

  • An Chomhairle Mhúinteoireachta
  • An Roinn Oideachais
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
  • Oifig an Ombudsman do Leanaí
  • Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí
  • An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
  • An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

 

Bhí ceithre chéim sa tionscadal:

  • Céim 1 Tús oifigiúil an tionscadail
  • Céim 2 Anailís Tosaigh an ECFE ar an gcomhthéacs oideachais in Éirinn
  • Céim 3 Dearadh, Tionscadal Píolótach agus Meastóireacht ar shamhail/ar shamhlacha na rannpháirtíochta
  • Céim 4 Forbairt an Treochláir.