Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

“Mar Chathaoirleach, is í an fhís atá agam don Chomhairle Mhúinteoireachta ná go seasfaidh sí an fód i gcónaí ar son an ionracais agus na n-ardchaighdeán ar comharthaí sóirt iad de ghairm na múinteoireachta, fad is a chuirfidh sí ar shúile an phobail luachanna, ardchaighdeán, agus an obair ollmhór a dhéanann an ghairm dár muintir agus dár tír.

Táim ag súil le bheith ag obair leis na comhpháirtithe agus na páirtithe leasmhara go léir agus sinn ag obair chun leas na gairme múinteoireachta agus na bpobal a bhfreastalaímid orthu. – Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta

“Obair i gcomhar, dul i gcomhairle, cumarsáid, agus plé leanúnach a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara: is iad seo na gnéithe a fhanfaidh i gcroílár gach ceann dár dtionscnaimh, fad is a oibrímid i dteannta a chéile laistigh agus ar fud ár ngairme, chun teagasc agus foghlaim den scoth a fheabhsú agus a chinntiú do chách.” – Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta

Is féidir féachaint ar Thuarascáil Bhliantúil na Comhairle 2021/2022 agus í a íoslódáil anseo.