Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Chuirfeadh an fhoráil faoi cheangal ama seo, a luaithe is a d’achtófaí é, ar chumas múinteoirí incháilithe a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann (PÉ) iarratas a dhéanamh ar chlárú agus a gceanglas ionduchtaithe a chomhlíonadh i bPoblacht na hÉireann. Tá cur i bhfeidhm Rialacháin athbhreithnithe na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) faoi réir próisis chéimnithe um Measúnú Comhréireachta i gcomhréir le Treoir 2018 an AE maidir le Tástáil Chomhréireachta. Faoi réir thoradh phróiseas an Mheasúnaithe Chomhréireachta, tá sé i gceist go mbeidh an fhoráil faoi cheangal ama oscailte d’iarratais ó dháta cur chun feidhme na Rialachán Clárúcháin athbhreithnithe. Ag an tráth seo, meastar go bhféadfadh an fhoráil faoi cheangal ama a bheith oscailte d’iarratais sa chéad ráithe de 2025. Beidh tuilleadh faisnéise maidir leis an measúnú comhréireachta ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Múinteoireachta go luath.