Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Is geal linn a bheith in ann a fhógairt gurb é Declan Coyle an príomhchainteoir i mbliana. Is é Declan údar The Green Platform, leabhar móréilimh a bhaineann le modheolaíocht “bhogearra inmhéanach” nuálach, leabhar a thug inspioráid agus spreagadh do mhórchuid daoine ar fud na cruinne.

Bí linn ar an lá le haghaidh raon seóthaispeántas agus ceardlann idirghníomhach faoi stiúir múinteoirí, agus le haghaidh TeachMeet, StudentMeet, LeadershipMeet, Comhrá Taighde, siamsaíocht bheo agus neart eile.

Níl costas ar a bheith ag freastal, ach bainfear táille in-aisíoctha €14.99 de do chárta.

Déan deimhin de do thicéad a scanadh nuair a bhaineann tú FÉILTE  2022 amach le do thoil, chun a chinntiú go n-aisíocfar d’éarlais leat 10-15 lá oibre i ndiaidh FÉILTE 2022. Aisíocfar an táille ticéid chuig an gcárta céanna lenar íocadh an éarlais.

Déan iarratas anois chun do thicéad a fháil, agus déanaimis gairm na múinteoireachta a cheiliúradh.

Lean muid ar @TeachingCouncil agus @FEILTE ar Twitter agus bain leas as #FÉILTE chun a bheith páirteach sa chomhrá.