Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá teagmháil déanta ag an gComhairle le hAmbasáid na hÚcráine, leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, leis an Roinn Oideachais, agus le comhlachtaí Stáit eile maidir le clárú agus grinnfhiosrú múinteoirí cáilithe de chuid na hÚcráine ar tugadh Cosaint Shealadach dóibh faoi Threoir an AE um Chosaint Shealadach. Mar fhreagairt ar na cúinsí nach raibh a leithéid ann riamh cheana, tá próiseas saincheaptha á thabhairt chun críche ag an gComhairle chun tacú le clárú agus le grinnfhiosrú múinteoirí cáilithe de chuid na hÚcráine. Áirítear leis seo próiseas iarratais mhodhnaithe le foirm iarratais ar leith. Lena chois sin, cuirfear doiciméad treorach ar fáil i mBéarla agus in Úcráinis araon chun an próiseas a éascú.

Is próiseas reachtúil é clárú mar mhúinteoir a rialaítear faoi reachtaíocht na hÉireann agus an AE. Sa chás gur féidir le múinteoirí ón Úcráin fianaise ar stádas múinteora cáilithe ina dtír dhúchais a chur ar fáil, is féidir leo iarratas a dhéanamh le bheith ar Chlár na Múinteoirí in Éirinn le gur féidir leo a bheith ag teagasc i scoileanna atá aitheanta ag an Stát. Déanfar gach iarratas ar chlárú a mheas de réir an cháis faoi Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) 2016 (Béarla).

Is féidir múinteoirí nach gcomhlíonann na riachtanais chlárúcháin go léir a chlárú faoi réir coinníollacha. D’fhéadfadh réimse coinníollacha a bheith ag gabháil le clárú múinteora de réir aon easnaimh aitheanta. Tabharfar trí bliana don mhúinteoir chun aghaidh a thabhairt ar na coinníollacha seo agus leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag plé leis an múinteoir, de réir mar is gá.

Nuair atá siad cláraithe, beidh múinteoirí ón Úcráin, beag beann ar stádas cláraithe coinníollach, incháilithe do thuarastal atá maoinithe ag an Stát a fháil agus in ann teagasc i scoileanna aitheanta. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtagann fostaíocht agus socrúcháin mhúinteoirí laistigh den chóras scoile faoi shainchúram na Comhairle Múinteoireachta.

Foilseofar tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin na Comhairle sna laethanta amach romhainn. Ba chóir d’aon mhúinteoir cáilithe ón Úcráin a bhfuil suim aige/aici iarratas a dhéanamh ar chlárú ríomhphost a sheoladh chuig ukrainianteachers@teachingcouncil.ie agus cuirfear na doiciméid riachtanacha ar fáil dó/di nuair a bheidh sé ar fáil.