Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Ag tús na hócáide, tugadh cuireadh do rannpháirtithe SST agus STC a bheith ina n-óstach ar phlé neamhfhoirmiúil ar a dtionscadail taighde, agus ba í an Maisitheoir Grafach Katherine Foyle a léirigh beogacht a gcomhráite. Bhain an taighde le réimsí éagsúla, lena n-áirítear litearthacht & uimhearthacht, cuimsiú, foghlaim cheannródaíoch, folláine, TFC agus tacú le foghlaim múinteoirí.

Ag fáiltiú go foirmiúil roimh na rannpháirtithe agus na haíonna go léir, dúirt Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta:

“Mar Chathaoirleach na Comhairle ba mhaith liom buíochas a ghabháil agus comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a ghlac páirt san imeacht Ceiliúrtha Taighde. Is mór an pléisiúr a bheith anseo agus comhrá a dhéanamh leis an oiread sin rannpháirtithe. Tá an croíúlacht agus an díograis sa seomra le feiceáil. Is é an t-am a thugann na daoine atá páirteach sna cláir, chomh maith le bheith ina gcleachtóirí gníomhacha, an rud a fhágann go bhfuil an taighde ‘ón mbonn aníos’ chomh luachmhar dár ngairm. Go raibh míle maith agaibh do gach duine.”

Ag moladh na dtaighdeoirí go léir dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta:

“Maidir liom féin, tá luach an taighde sa tionchar bunathraithe a bhíonn aige ar shaol leanaí agus daoine óga, agus tá an tionchar sin le feiceáil sna scéalta atá á roinnt agat tráthnóna inniu. Téann do thiomantas leanúnach do d’fhoghlaim ghairmiúil go croí a bhfuil i gceist le bheith i do ghairmí, agus tá sé chomh inmholta agus chomh spreagúil sin. Gabhaim buíochas le gach duine agaibh as an méid a dhéanann sibh ar bhonn laethúil.”

Tar éis dinnéir cheiliúrtha, chuir Seán O’Neill, Cathaoirleach Choiste Oideachais na Comhairle fáilte roimh an Dr Liam Guilfoyle, Léachtóir Sinsearach sa Roinn Oideachais, Ollscoil Oxford, chun a léargas a roinnt ar an tábhacht a bhaineann le cleachtóirí a bheith páirteach i dtaighde agus i mbun taighde. Roinn sé freisin a mhachnamh ar an STC bunaithe ar an athbhreithniú a rinne sé ar an gcéad bhabhta den scéim anuraidh.

Ag labhairt faoin gCreat Tacaíochta Taighde, dúirt an Dr Guilfoyle:

“Tá mé an-tógtha leis an speictream leathan eispéiris, caidrimh taighde agus cineálacha tionscadail atá á gcur i láthair anseo anocht. Maidir le Scéim na dTaighdeoirí Cónaithe go háirithe, is léir go bhféadfadh sé seo a bheith claochlaitheach. Is inmholta an múnla rannpháirtíochta, ina n-oibríonn múinteoirí agus taighdeoirí cónaithe le chéile i gcomhar le tairbhí do mhúinteoirí, do dhaltaí, do scoileanna, agus do na taighdeoirí cónaithe iad féin, agus tá lúcháir orm a bheith in ann tacú leis tráthnóna inniu.”

Is féidir grianghraif ón imeacht a fheiceáil ar Flickr:

Gradaim an Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan 2024