Foilsithe
Tá an Sparánacht Foghlama Féilte deartha chun tacú le cultúr comhoibrithe gairmiúla agus comhroinnte eolais i measc múinteoirí agus scoileanna. Tá an scéim sparánachta deartha freisin chun an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn.
Beidh scoileanna in ann iarratas a dhéanamh ar sparánachtaí de €2,000, €3,000, agus €5,000 chun tacú le gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla comhoibríocha ina bpobail scoile.
Tá dhá phríomhchuspóir ag an sparánacht seo:
- Pobail Ghairmiúla Chomhoibríocha a Thógáil: Tá an sparánacht deartha chun tacú le cruthú agus inbhuanaitheacht na bpobal foghlama gairmiúla.
- Gairm na Múinteoireachta a Chur Chun Cinn: Beidh ar gach duine a fhaigheann sparánacht sócmhainn dhigiteach a chruthú lena dtaispeántar a ngníomhaíochtaí foghlama gairmiúla a úsáidfear chun gairm na múinteoireachta a chur chun cinn ar bhealach níos leithne.
Tá tuilleadh eolais faoin Sparánacht Féilte ar fáil ar ár suíomh gréasáin.