Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tosóidh an Dr Lynn Ramsey ina post mar an Stiúrthóir i mí Feabhra 2023.

Tá ceapachán an Dr Lynn Ramsey mar Stiúrthóir na Comhairle fógartha ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Tosóidh an Dr Ramsey ina ról ar an 1ú Feabhra 2023, ag teacht isteach go dtí an Chomhairle Mhúinteoireachta ó Chumann Ollscoileanna Éireann ina bhfuil sí mar Stiúrthóir faoi láthair ar MicroCreds – creat náisiúnta don fhoghlaim ar feadh an tsaoil do cháilíochtaí micridhintiúirí creidiúnaithe de chuid Chumann Ollscoileanna Éireann.

Tá an Dr Ramsey mar Chathaoirleach faoi láthair ar an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú an Teagaisc agus na Foghlama, mar Chomhalta Boird den Údarás um Ard-Oideachas agus déanann sí comhchathaoirleacht ar Mheitheal Ghrúpa Iarchúraim Bologna um Fhoghlaim agus Teagasc.

Tá PhD aici i ndlí an AE ó Ollscoil Ghlaschú, Máistreacht san Oideachas sa Cheannaireacht agus Bainistíocht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bhí poist acadúla agus cheannaireachta aici in ollscoileanna in Albain agus i dTuaisceart Éireann.

Ba Stiúrthóir Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe í in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus ba Bhainisteoir Clár í do Bhraislí Ardoideachais an Iarthair/an Iarthuaiscirt.

Dúirt Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, “Cuirimid fáilte roimh cheapachán Lynn ina dtabharfaidh sí léi tuiscint, eolas agus saineolas bunaithe ar cheannaireacht agus bhainistíocht láidir mar atá léirithe aici arís agus arís eile in oideachas na hÉireann. Beidh an taithí atá aici agus an t-ionchur a dhéanann sí mar thairbhe shuntasach d’obair na Comhairle agus muid ag leanúint ar aghaidh le hardchaighdeáin ghairm na múinteoireachta in Éirinn a chur chun cinn agus chun tacú leo.”

Dúirt Stiúrthóir Ainmnithe na Comhairle Múinteoireachta, an Dr Lynn Ramsey, “Is iontach an onóir dom dul go dtí an Chomhairle Mhúinteoireachta mar Stiúrthóir agus fios agam go bhfuil ról an-lárnach ag an múinteoireacht inár bhfolláine shochaíoch agus ar an dul chun cinn iomlán go náisiúnta. Táim ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí na Comhairle, le mo chomhghleacaithe agus leis na páirtithe leasmhara uile chun ról reachtúil agus cuspóirí na Comhairle a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis na múinteoirí, daltaí, scoláirí, scoileanna, agus pobail a bhfreastalaíonn an ghairm orthu.”

Dúirt an Cathaoirleach, Michell Keane freisin, “Ar feitheamh le haghaidh cheapachán an Dr Ramsey i mí Feabhra, leanfaidh Phil Fox, Uasal, mar Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta agus ansin leanfaidh sí ar aghaidh ina ról mar Leas-Stiúrthóir. Thug an tUasal Fox seirbhís den scoth agus táimid fíorbhuíoch di as a dúthracht, treoir, ceannaireacht agus tacaíocht le bliain anuas.”

Tagann an Dr Ramsey in áit iar-Stiúrthóra, Tomás Ó Ruairc a ceapadh sa ról mar Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais i mí Eanáir.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta, a dhéanann caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialáil. Gníomhaíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus ag an am céanna tacaíonn agus cuireann sí leis na caighdeáin i ngairm na múinteoireachta.