Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

I dtaca le reachtaíocht na Comhairle Múinteoireachta, caithfidh múinteoir ar bith a bhfuil a c(h)lárúchán dulta as feidhm iarratas iomlán a dhéanamh más maith leis/léi filleadh ar an gclár.

Agus aird á tabhairt air sin, tá próiseas clárúcháin saindeartha forbartha ag an gComhairle chun tacú le múinteoirí agus iad ag cur isteach le filleadh ar an gclár.

Áirítear leis sin comhairle mhionsonraithe ar an dóigh le cur isteach le filleadh ar an gclár agus na doiciméid atá ag teastáil. Tá foireann ar leith ann chun próiseáil na n-iarratas seo a bhainistiú agus tá seoladh ríomhphoist ar leith ann ar mhaithe le ceisteanna múinteoirí, returntoregister@teachingcouncil.ie

Tuilleadh eolais ar an bpróiseas Filleadh ar an gClár

Agus í ag cur fáilte roimh an tionscnamh seo, dúirt Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, “Mar gheall ar chúiseanna éagsúla amhail cúinsí pearsanta, teaghlaigh agus gairme, d’fhéadfadh múinteoirí a bhfuil taithí mhaith acu imeacht ón gclár. Is rud dearfach agus fiúntach é filleadh féideartha múinteoirí ar an gclár, don mhúinteoir aonair agus don chóras iomlán oideachais ina bhfuil an t-oideachas ina dhisciplín a léiríonn meas mór ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

“Tagann na múinteoirí a fhilleann ar an múinteoireacht ar ais le taithí iontach a fuair siad le linn a sosa, cibé an mbaineann an taithí seo le gairmeacha éagsúla, le hoideachas breise nó le forbairt phearsanta. Is féidir leis an taithí seo cur go mór leis an tírdhreach oideachais ó thaobh foghlama agus dearcthaí nua de, rud a chuireann go mór le forbairt iomlán na gairme, a thacaíonn leis an tsochaí agus a chuidíonn le glúnta atá ag teacht a mhúnlú.”

Dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, “Is mó an tairbhe atá le baint amach agus le tabhairt ag múinteoirí atá ag smaoineamh ar fhilleadh ar ais ar a ngairm i dtírdhreach iontach dinimiciúil oideachais atá i gcónaí ag forbairt, áit inar féidir spéis a mhúscailt arís ina dtaithí agus ina n-éachtaí, rud a sholáthraíonn deiseanna éagsúla d’fhorbairt bhreise chomh maith le réimse leathan deiseanna gairme.

“Is féidir le múinteoirí a bhfuil a lán taithí acu agus atá ag filleadh ar an ngairm cur go mór leis an lucht saothair múinteoireachta atá ar fáil agus ar an mbealach sin thacóidís lena bpobail ar bhonn áitiúla agus náisiúnta. Is céim inmholta é filleadh múinteoirí ar an gclár agus léiríonn sé cé chomh tiomanta agus atá siad dá bhforbairt ghairmiúil agus do thodhchaí an oideachais. Tá na próisis atá in úsáid againn ann leis an aidhm seo a chur chun cinn.”